Féile ag comóradh Stair na Cruitireachta in Éirinn ag teacht go Béal Feirste

Tá An Chruit Bheo, féile chun stair na cruitireachta in Éirinn a chomóradh, ag teacht go Béal Feirste i mí Iúil na bliana seo.

Tá an fhéile seo mar thoradh ar chomhthionscadal thuaidh-theas a bhfuil sé mar aidhm aige comóradh agus ceiliúradh a dhéanamh ar stair chultúrtha agus oidhreachta agus ar fhorbairt na cruitireachta in Éirinn agus daoine a chur ar an eolas faoi. Beidh príomhimeachtaí na féile ag titim amach in áiteanna ar fud Chathair Bhéal Feirste ón 15-17 Iúil.

Beidh réimse leathan imeachtaí ann ar fud na cathrach le linn na féile, ó thaispeántas i Leabharlann an Halla Línéadaigh, go ceardlanna, léachtanna agus ceolchoirmeacha.

Ní amháin gur ceiliúradh é An Chruit Bheo, ach is foinse eolais atá ann chomh maith ina mbeidh deis ag daoine a bheith ag éisteacht le foinn stairiúla na cruite a chluinstin beo, rud beag a fhoghlaim faoi stair na cruite, uirlis a dtéann a fréamhacha i bhfad siar i stair na hÉireann.

Rinne Aibhlín McCrann, Cathaoirleach ar Chruit Éireann ar Chruit Éireann agus chomh-phríomheagraí An Chruit Bheo, cur síos ar thábhacht na féile.

“Cúis áthais go Chruit Éireann is ea cruitirí as gach cearn d’Éirinn a thabhairt le chéile chun comóradh 230 bliain Thionól na gCruitirí i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath a cheiliúradh,” a dúirt sí.

“Trasnaíonn ár n-oidhreacht cruitireachta teorainneacha agus chrurthaigh sé nasc láidir idir na comhpháirtithe, thuaidh agus theas. Is iontach an rud é ceol na gcruitirí a chloisteáil. Léiríonn sé ár dtraidisiún beo traidisiún a bhfuil suim ag an oiread sin daoine ann..

“Táimid ag súil le fáilte a chur roimh lucht éisteachta ar fud chathair Bhéal Feirste chuig ár gceolchoirmeacha, cainteanna agus taispeántais.”

Beidh réamhbhlaiseadh don fhéile ar siúl ar 9 Iúil, le hócáid ina dtabharfar ómós do shaol agus d’oidhreacht an chruitire Donnchadh Ó hAmsaigh, arbh as Aird Mhig Giollagáin ó dhúchas dó agus a bhfuil clú air mar gheall ar na tras-scríbhinní a rinne Edward Bunting ar cheol ársa na clairsí a sheinn sé.

Reáchtálfar ceolchoirm ag Teampall Mussenden, a bheidh, in éineacht leis na radharcanna ar bharr na haille máguaird, mar ionad neamhshaolta eile le haghaidh roinnt de na foinn is cáiliúla de chuid Uí Amsaigh a léiriú. Beidh ceol Uí Amsaigh á sheinm ag cruitirí áitiúla, agus beidh an staraí Mark Doherty ag déanamh cur síos ar a shaol.

Ag cur tús leis na himeachtaí i mBéal Feirste tráthnóna Dé hAoine seolfar taispeántas Leabharlann Halla an Línéadaigh, a léireoidh míreanna suntasacha ó stair na cruitireachta in Éirinn, lena n-áirítear lámhscríbhinní Edward Bunting. Beidh an taispeántas ann ar feadh na féile, agus is deis iontach é eolas a chur ar stair shaibhir chultúrtha na cruitireachta.

Beidh go leor ceardlanna ar siúl Dé Sathairn, ar nós ceardlann á reáchtáil ag an chruitire Sharon Carroll do pháistí chun an spraoi a bhaineann leis an chruitireacht a chur ar a súile. Beidh ceardlanna ann do dhaoine fásta freisin a thabharfaidh deis don lucht freastail an chruit a chloisteáil á seinm beo sula mbainfidh siad féin triail aisti.

Beidh ceolchoirm am lóin, le léiriú ó Chiara Taafe, Adam O’Neill agus Gráinne Meyer, baill de Chruit Éireann ar siúl sa Chéad Eaglais Phreispitéireach ar Shráid Rosemary, an tsráid ina raibh Edward Bunting ina chónaí agus é ag déanamh taifead ar na seanfhoinn a chuala sé ag Féile na gCruitirí.

Leanfaidh an fhéile ar aghaidh go dtí an Domhnach, le ceardlanna breise do dhaoine de gach aois agus cumas, caint le léaráidí le Laoise Kelly ar shaol an chruitire Hugh Higgins, agus ag críochnú le ceolchoirm mhór a bheidh ar siúl i Séipéal Naomh Seosamh, Sailortown.

Ceiliúradh agus taispeántas a bheidh sa cheolchoirm mhór ar bhealach na cruitireachta sa nua-aois, le hómós do Cheolfhoireann Chruite Bhéal Feirste a bhfuil gradaim Grammy buaite aici.

Críochnóidh Harps Alive go hoifigiúil an tseachtain i ndiaidh an phríomhsceidil, an 24 Iúil, le himeacht cuimhneacháin do Edward Bunting, a reáchtálfar ag a uaigh a athchóiríodh le déanaí i mBaile Átha Cliath. Bhí saothar Bunting mar thrascríobhaí ag Féile Cruite Bhéal Feirste i 1792 lárnach chun eolas ar cheol na gcruitirí ag an fhéile a chaomhnú agus gan scríbhinní Bunting, is dócha go ndéanfaí dearmad ar go leor de na foinn a bhíonn á seinm ag cruitirí.

Beidh óráid ann ó David Byers, léifidh Emily Cullen filíocht agus beidh ceol na cláirsí le cluinstin ó Áine Ní Dhubhghaill agus Paul Dooley, agus is cinnte go gcuirfidh sé seo deireadh oiriúnach agus mothúchán leis féile An Chruit Bheo.

Cinntíonn éagsúlacht leathan na n-imeachtaí go mbeidh rud éigin ann do chách, is cuma cé chomh eolach agus atá siad ar stair agus ar cheol na cruite.

 

Rinne John Gray, Cathaoirleach Reclaim the Enlightenment agus duine d’eagraithe An Chruit Bheo, trácht ar scála suntasach na hócáide.

 

“Agus breis is 50 cruitirí á dtabhairt go Béal Feirste, cruthóidh an fhéile an tionól is mó dá leithéid i mBéal Feirste,” a dúirt sé.

 

Ag comóradh 230 bliain ó tionóladh cruitirí i mBéal Feirste, beidh an fhéile ar an chéad fhéile cruitireachta a bheidh ar siúl ar scála chomh leathan, uile-oileáin ó 1992 i leith.

 

Trí imeachtaí éagsúla a eagrú ar fud na cathrach, ó Sailorstown go Leabharlann Bhóthar na Seanchille, tá An Chruit Bheo ar a dícheall an chruit a dhéanamh níos inrochtana.

 

Agus an chruitireacht á léiriú do lucht éisteachta níos leithne, tá súil ag John “gur mó a bheidh rannpháiríocht an phobail ná riamh” agus “go mbeidh oidhreacht bhuan mar thoradh uirthi”.

 

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Harps Alive, agus chun sceideal iomlán na n-imeachtaí a fheiceáil, tabhair cuairt ar www.harpireland.ie

 

CRÍOCH

 

Nótaí an Eagarthóra

 

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Tina Calder, Excalibur Press, 07305 354209, [email protected] nó Jasmine Hughes, [email protected]

Scroll to Top