Féile An Chruit Bheo – Comóradh Uile-Oileáin ar an uirlis agus an stair a bhaineann léi
Tiocfaidh cruitirí agus staraithe le chéile an mhí seo chun ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh 230 bliain ó bhí an chéad Tionól Cruitirí ann. Beidh cúig lá de cheol agus oidhreacht agus sraith imeachtaí trasphobail faoi leith ann agus cuirfear deireadh leo i mBaile Átha Cliath le comóradh ar shaol Edward Bunting.
In 1792, bhailigh agus thras-scríobh Bunting ceol traidisiúnta na cláirsí agus i measc na n-imeachtaí a bheidh ann de chuid An Chruit Bheo 2022, leagfaidh an tAire Turasóireachta, Ealaíona, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, Catherine Martin, bláthfhleasc ag uaigh nuachóirithe an cheoltóra chlúitigh ag Reilig Mount Jerome.
Eagraithe ag an gcomhpháirtíocht Harps Alive, tabharfaidh an fhéile na cruitirí is fearr ó gach cearn den tír le chéile chun aitheantas a thabhairt don ócáid shuntasach inar bailíodh ceol breis agus dhá chéad bliain ó shin do chruitirí agus, ócáid a chruthaigh deis do cheoltóirí sna glúnta thiocfadh ina diaidh a bheith ag foghlaim agus ag seinm.
Beidh trí mhórcheolchoirm mar chuid den fhéile, ceolchoirmeacha beaga, cainteanna agus ceardlanna i mBéal Feirste, chomh maith le taispeántas i Leabharlann Halla an Línéadaigh, agus foilseachán nua ar stair na cruitireachta in Éirinn.
Osclófar an ócáid ag ócáid i dTeampall Mussenden, láthair stairiúil ar chósta an iarthuaiscirt, ar an 9 Iúil agus cuirfear críoch leis le caint ar Bunting agus an tseirbhís chomórtha i mBaile Átha Cliath ar an 24 Iúil.
Mar chomhoibriú idir Cruit Éireann agus an eagraíocht stairiúil Reclaim the Enlightenment, beidh 50 cruitirí le 12 cruitirí as Éirinn, go leor acu lonnaithe i mBaile Átha Cliath, chomh maith le tallann ó Thuaisceart Éireann.
Dúirt Aibhlín McCrann, Cathaoirleach Cruit Éireann, gur deis faoi leith a bhí sa cheiliúradh ar an chomóradh do phobal na cláirsí.
“Tá lúcháir orainn cruitirí as gach cearn d’Éirinn a thabhairt le chéile chun 230 bliain ó Thionól na gCruitirí i mBéal Feirste a chomóradh” a dúirt sí. Trasnaíonn ár n-oidhreacht cruitireachta teorainneacha agus chrurthaigh sé nasc láidir idir na comhpháirtithe, thuaidh agus theas
“Is iontach an rud é ceol na gcruitirí a chloisteáil. Léiríonn sé ár dtraidisiún beo, traidisiún a bhfuil suim ag an oiread sin daoine ann. Táimid ag súil le fáilte a chur roimh lucht féachana ar fud chathair Bhéal Feirste chuig ár gceolchoirmeacha, cainteanna agus taispeántais agus go Baile Átha Cliath níos déanaí sa mhí.”
In 1792, tugadh 11 cruitirí le chéile ag Tionól na gCruitirí i mBéal Feirste. Bhí seachtar acu dall agus bhí Donnchadh Ó hAmsaigh ar an duine ba shine acu ag an am agus é 97 mbliana d’aois.
Mhínigh John Gray, Cathaoirleach ar Reclaim the Enlightenment, gur féile mhór cheoil a bheidh ann agus é fréamhaithe sa stair.
“Agus breis agus 50 cruitirí á dtabhairt go Béal Feirste, cruthóidh an fhéile an tionól is mó dá leithéid sa chathair,” a dúirt sé. “Ceiliúradh a bheidh ann ar oidhreacht na cruite agus ar an athbheochan chomhaimseartha ar sheinm na cruite, agus ag an deireadh tá súil againn go mbeidh níos mó feasachta ar thraidisiún na cruite cruthaithe ag an phobal agus oidhreacht bhuan ann dá bharr.”
Ar an 24 Iúil ag 1pm tabharfaidh an ceoleolaí agus ceoltóir, an Dr Mary Louise O’Donnell, caint ar Edward Bunting: The Dublin Connection i gCaisleán Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath, áit a míneoidh sí saol an cheoil i mBaile Átha Cliath agus an ról a d’imir Edward Bunting ann idir 1818-43.
Ag Reilig Mount Jerome agus sula leagann an tAire an bláthfhleasc chun an méid a chuir Bunting le ceol na hÉireann, labhróidh David Byers faoi oidhreacht Bunting. Déanfaidh an file Emily Cullen cuid den fhilíocht s’aici a aithris, filíocht a bhfuil Féile na gCruitirí i mBéal Feirste mar spreagadh aici, agus beidh beirt de mhórchruitirí na hÉireann, Paul Dooley agus Áine Ní Dhubhghaill ag seinm ar an Chruit Thraidisiúnta agus ar an Chruit nua-aimseartha faoi seach.
“Cúis áthais atá ann go bhfuil an comhoibriú lenár gcomhghleacaithe ó thuaidh ag teacht chun blátha agus go bhfuilimid ag fáil tuiscint mhaith ar an ról thábhachtach a bhí ag Tionól na gCruitirí i gcaomhnú cheol na gcruitirí,” arsa Ms McCrann.
“Ar a bharr sin, léiríonn na cruitirí a bheidh ag seinm gur traidisiún é atá beo beathaíoch agus atá de shíor ag athrú. Is cuid dár n-oidhreacht bheo é agus tá sé i gceist againn é a chaomhnú do na glúnta cruitirí a thiocfaidh inár ndiaidh”.
Mhínigh Ms McCrann gur thug An Chruit Bheo díograiseoirí le chéile thuaidh agus theas chun a bheith ag obair le chéile.
“Fíor-chomhpháirtíocht a bhí ann a raibh díograis, dearfacht agus comhbhá mar chuid lárnach de,” a dúir sí. “Ár mbuíochas lenár gcomhghleacaithe a chomhoibrigh le chéile le go n-éireodh leis an fhéile”.
“Buíochas faoi leith do na maoinitheoirí thuaidh agus theas agus ní tharlódh sé seo gan iad. Táimid ag dúil go mór le deireadh seachtaine lán de bheocht agus de cheol na cláirsí.
“Tá cruitirí iomráiteacha againn ó gach cearn de tír ag glacadh páirte i gceardlanna, i gceolchoirmeacha, i gcainteanna agus i dtaispeántais. Tá lúchair ar gach duine acu a bheith ag ceiliúradh chomóradh 230 bliain den éacht iontach a bhain Edward Bunting amach.
“Níl aon amhras orm, gan an fhís agus an tiomantas a bhí aige, go mbeadh traidisiún na gcruitireachta caillte againn go deo”.
.Tá clár iomlán na feile ar fáil ar harpalive.com
CRÍOCH
Nótaí an Eagarthóra
Eisithe ag Excalibur Press thar ceann Harps Alive
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Tina Calder, Excalibur Press, 07305 354209, [email protected] nó Jasmine Hughes, [email protected]
Tá Ms McCrann agus an tUasal Gray ar fáil le haghaidh agallaimh.
Is féidir le roinnt ceoltóirí a bheith ar fáil le haghaidh agallaimh.
Seo a leanas liosta iomlán na gCeoltóirí ó dheas:
Aileen Kennedy – Guaire, Co Loch Garman
Áine Ní Dhubhghaill – Baile Átha Cliath
Anne-Marie O’Farrell – Baile Átha Cliath
Doimnic Mac Giolla Bhride – An Ghaeltacht, Co Dhún na nGall
Eilis Lavelle – Muineachán
Emily Cullen – Gaillimh
Janet Harbison – Baile Átha Cliath
Kathleen Loughnane – Gaillimh
Laoise Kelly – Cathair na Mart, Co Mhaigh Eo
Mary-Louise O’Donnell – Baile Átha Cliath
Teresa O’Donnell – Baile Átha Cliath